Teagmhais Chriticiúla i Seirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile: Pleanáil agus Freagairt

Loading...
Thumbnail Image

Author

Barnardos

Date

2023

Type

Booklet

Language

Irish

Keywords

Research Projects

Organizational Units

Journal Issue

Alternative Title

Abstract

Éilítear ar gach seirbhís Foghlaim agus Cúraim na Luath-Óige (ELC) agus seirbhís Cúraim Leanaí ar Aois Scoile (SAC) plean Teagmhas Criticiúil ar leibhéal seirbhíse a bheith acu, faoi mar atá leagtha amach i gCreat Cáilíochta agus Rialála (QRF) Tusla agus sna Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile. Ní mór do gach fostóir, a mhéid is indéanta le réasún, sábháilteacht, sláinte agus leasa a bhfostaithe ag obair a chinntiú, faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005. Forbraíodh an treoir seo ó threoraíocht a bhí ann roimpi ar phleanáil le haghaidh teagmhais éigeandála, lena n-áirítear an tSraith Straitéise um Pleananna do Theagmhais Chriticiúla agus obair fhorleathan na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), chun tacú le seirbhísí ELC agus SAC chun a machnamh a dhéanamh ar theagmhais chriticiúla agus chun pleanáil lena n-aghaidh agus chun tacaíochtaí praiticiúla a chur i bhfeidhm chun freagairt do theagmhas criticiúil. Soiléirítear inti róil agus freagrachtaí ag leibhéil náisiúnta agus áitiúla i dtaca le freagairt do theagmhais chriticiúla. D'fhéadfadh teagmhais tarlú lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre nó d'fhéadfadh go n-éileoidís freagairt lasmuigh de ghnáthuaireanta, um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine nó le linn saoire san áireamh. Ní phléitear sa treoir seo na gnéithe ar fad a bhaineann leis an rud ba chóir do shuímh a dhéanamh i dtaca le pleanáil éigeandála. Ní mór do shuímh a bhfreagrachtaí dlíthiúla a chomhlíonadh, lena n-áirítear reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, agus ba chóir dóibh comhairle dlí a fháil de réir mar is gá. Ba chóir athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca, beartais agus pleananna chun treoraíocht nua agus nuashonraithe a léiriú.

Description

Booklet

Citation

Barnardos. (2023). Teagmhais Chriticiúla i Seirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile: Pleanáil agus Freagairt. https://hdl.handle.net/20.500.13085/1318

Publisher

Barnardos

Journal

Volume

Issue

PubMed ID

DOI

ISSN

EISSN