Iompar Do Pháiste Óig: Conas is Féidir leat Cuidiú

Citation
Barnardos. (2014). Iompar Do Pháiste Óig: Conas is Féidir leat Cuidiú. https://knowledge.barnardos.ie/handle/20.500.13085/233
Abstract
Is do thuismitheoirí páistí óga suas go dtí sé bliana d’aois an leabhrán seo, cé go bhféadfadh an t-eolas a bheith oiriúnach do pháistí ag gach aois. An aidhm atá leis ná go bhfaighidh tú tuiscint níos fearr ar iompar do pháiste agus cad é atá do pháiste ag iarraidh a chur in iúl lena n-iompar. Chomh maith leis sin tá roinnt smaointe ann a d’fhéadfadh treoir a thabhairt duit agus tú ag tacú leis an iompar cuí. Is é ceann de na jabanna is tábhachtaí a dhéanaimid ná a bheith inár dtuismitheoir, ach chomh maith leis sin d’fhéadfadh sé a bheith ceann de na cinn is deacra agus bíonn amanna ann nuair a bhímid cantalach, trína chéile agus faoi strus le hiompar ár bpáiste. Uaireanta bíonn gach páiste óg ag mí-iompar, ní de bharr go bhfuil siad ag iarraidh a bheith dalba nó dána d’aon ghnó, ach toisc nach bhfuil a fhios acu conas iad féin a chur in iúl ar aon bhealach eile nó nach bhfuil a fhios acu go fóill cad lena bhfuiltear ag súil uathu i suíomhanna áirithe. Le do thacaíocht agus spreagadh, foghlaimeoidh do pháiste na scileanna atá ag teastáil uathu chun a mothúcháin agus iompar a bhainistiú.