Citation
Barnardos. (2022). Tacú le Folláine Leanaí ón Úcráin: Athléimneacht agus Téarnamh a Chur Chun Cinn sa Luathfhoghlaim agus sa Luathchúram. https://knowledge.barnardos.ie/handle/20.500.13085/598
Abstract
Mar thoradh ar bhriseadh amach cogaidh san Úcráin tharla mhór ghluaiseacht daoine ón Úcráin go
dtí tíortha comharsanachta. Beidh raon eispéiris éagsúla ag leanaí a bhog go hÉirinn ón Úcráin le
déanaí, agus d’fhéadfadh go mbeadh a ndearcadh ar an domhan mar áit shábháilte agus intuartha
i mbaol dá bharr. Beidh cur isteach suntasach tagtha ar a saol ag na leanaí go léir a thagann go
suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim (ELC) in Éirinn. Cuireadh iachall orthu, agus ar a gcuid
cúramóirí, a dtithe, a bpobail, a dteaghlaigh leathnaithe agus a gcairde, agus gach a bhfuil ar eolas
acu, a fhágáil. Tá go leor athruithe agus dúshláin nua le sárú acu, agus beidh orthu dul i dtaithí ar
thír nua, teanga nua agus socruithe maireachtála nach bhfuil cur amach acu orthu.
Cé go mbeidh eispéiris éagsúla ag leanaí a thagann ón Úcráin roimh agus le linn a dturais go hÉirinn,
beidh siad ar fad tar éis dul i dtaithí ar scaradh agus cailliúint. Beidh roinnt i gcásanna scanrúla,
b’fhéidir gur cailleadh a ngaolta agus seans go raibh eispéiris dhíobhálacha luatha ag páistí eile
roimh thús an chogaidh seo.